Gníomhaíochtaí oibre deonaí
Is deis iontach iad na gníomhaíochtaí sin duit chun cabhrú nuair is gá, tionchar dearfach a imirt ar an bpobal, scileanna nua a fhorbairt, am a chaitheamh i dtír eile, b’fhéidir teanga nua a fhoghlaim. Ach is cinnte go bhfillfidh tú abhaile le cuimhní dodhearbhaithe. Gan dabht, aimseoidh tú ceann atá ag teacht leis an méid atá á lorg agat.
Ach ar dtús, ní mór duit rogha a dhéanamh idir obair dheonach aonair nó obair dheonach foirne.
Obair dheonach aonair
- maireann sé idir 2 sheachtain agus 12 mhí;
- obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain);
- déanann tú an obair dheonach leat féin, ach in go leor cásanna, beidh oibrithe deonacha eile leat freisin;
- is gnách gur i dtír eile a dhéantar é, ach d'fhéadfadh sé a bheith sa tír ina bhfuil cónaí ort freisin
Obair dheonach foirne
- maireann sé idir 2 sheachtain agus 2 mhí;
- obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain);
- bíonn tú ag obair le daoine ó thíortha éagsúla;
- is gnách gur i dtír eile a dhéantar é, ach d'fhéadfadh sé a bheith sa tír ina bhfuil cónaí ort freisin
- beidh ar a laghad 5 oibrí dheonacha ó 2 thír nó níos mó sa ghrúpa;
- is féidir leis tacú le gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin choiteanna Eorpacha i réimsí arda beartais a shainítear gach bliain ar leibhéal an Aontais.
Cén ról atá ag eagraíochtaí tacaíochta agus ag eagraíochtaí óstacha?
- eagraíocht tacaíochta – is minic a bhíonn sí lonnaithe i do thír féin, agus cuideoidh sí leat ullmhú le haghaidh do thaithí i dtír eile (‘eagraíocht seolta’ mar a thugtaí uirthi).
- eagraíocht óstach – is minic a bhíonn sí lonnaithe sa tír ina mbeidh do ghníomhaíocht ar siúl, cuirfidh sí fáilte romhat agus cuideoidh sí leat i do thír chinn scríbe.
Má tá tú ag dul go dtír eile le haghaidh obair dheonach aonair, ní mór do 2 eagraíocht a bheith rannpháirteach – eagraíocht tacaíochta amháin agus eagraíocht óstach amháin.
Má tá obair dheonach foirne le déanamh agat, ní theastaíonn ach aon eagraíocht amháin – eagraíocht tacaíochta nó eagraíocht óstach.
Is féidir leat eagraíochtaí tacaíochta féideartha a chuardach i mbunachar sonraí na n-eagraíochtaí.
Cé atá in ann obair dheonach a dhéanamh?
- Daoine idir 18-30 bliain d’aois a bhfuil cónaí orthu i gceann de Bhallstáit an Aontais agus i dtíortha eile a chumhdaítear.
Cad atá cumhdaithe d’oibrithe deonacha?
- an t-árachas;
- seirbhísí tacaíochta (cuir i gcás tacaíocht teanga agus oiliúint);
- bunchostais (do thaisteal chuig an tionscadal agus ar ais uaidh, do chuid lóistíochta agus do bhia);
- airgead póca le haghaidh costais phearsanta;
- costais a bhaineann le riachtanais shonracha (cuir i gcás cabhair bhreise, meantóireacht threisithe, míchumas, víosa, etc.).
Cén dóigh le clárú?
An chéad uair a chláraíonn tú, iarrfar ort cuntas EU Login a chruthú sula gcruthóidh tú do phróifíl don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Is é cuntas EU Login seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh.
Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe, beidh rochtain agat ar do dheais phearsanta. Ansin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheiseanna, rochtain a fháil ar an oiliúint ghinearálta ar líne a chuirtear ar fáil do rannpháirtithe, féachaint ar do dheimhnithe agus go leor eile.
Ní hionann clárú don Chór agus ráthaíocht go nglacfaidh tú páirt i ngníomhaíocht oibre deonaí.